Monday, March 12, 2007

INSIDE POLITICS - Sinn Féiniúlacht


Bhuel tá Seachtain na Gaeilge tosaithe anois go hoifigiúil (agus maith an rud é go bhfuil an bheirt laoch úd Seán Óg Ó hAilpín agus Dara Ó Cinnéide ag tabhairt a gcuid tacaíochta). Níl fhios agam go baileach cén fath nach bhfuil focal scríobhtha agam i nGaeilge go fóill beag sa mblag seo. Ni féidir liom a rá nach raibh neart agam air, cé gurb é an Béarla lingua franca mo chéirde. Ach ar aon chuma, tá sé chomh maith tosú.

Bhíos ar an raidió ar an Aoine i gcomhluadar iriseora ón Tuaisceart dó ó dhúchas. Is frith-phoblachtánach é anois, go smior. Agus nocht sé a chuid smaointe le neart spleodar agus splancanna uaidh, ag clamhsán faoin nádúr míleata a bhain le feacht SF 7rl, ag maíomh nach raibh puinn dearfach ag baint leis an toghchán; ag argóint (ar bhealach) nach raibh an t-IRA imithe ach go raibh sé ag gníomhú ar mhodh agus bonn difriúil anois).

Ar aon chuma, an rud a rith liom (i ndiaidh an chláir agus ní ar an bpointe buise, caithfidh mé a admháil) nach bhféadfá a rá go húdarásach go raibh aon rud cearr leis an, ná neamhdhleathach faoin, bhfeachtas a rith Sinn Féin. Cinnte, is léir go raibh smacht mileata á chur i gcrích, go háirithe in Iarthar Bhéal Feirste. Le scaradh réidh ar na vótaí - agus Gerry Adams ag séanadh culatas na pearsannachta - bhuaigh SF cúig shuíochán as sé sa toghcheantar sin.

Siúráilte, níl dabht ar bith go ndeachaigh SF go dtí eastáit thithíochta áirithe agus mheabhraigh don phobal ansin cén chaoi a mballóidí a chaitheamh.

Ach nach é sin an tseift chéanna a mbaineann chuile páirtí úsáid as sa Deisceart, Fianna Fail go mór mór. Cinnte, ní bhaineann siad an úsáid chéanna as - níl an cúlra míleata acu.
Ach ag an am céanna, is ballóid rúnda atá i gceist. Agus níl fianaise da laghad go bhfuil SF ag cur imeagla ar dhaoine, ag cur brú míréasúnta orthu. Is léir go bhfuil tacaíocht dlúth agus láidir don 'tactic' sin i measc a lucht leanúna agus go bhfuil sé sin ag dul i méad sa Tuaisceart.

Rinne SF iarracht ar an gcleas céanna sna toghcháin i 2003 ach bhuaigh Diane Dodds an séu síochán le bearna fhíor-bheag.

Má tá teip i gceist, is í teip na bpáirtithe eile daoine a mhealladh ó SF agus ón DUP. Ni féidir a shéanadh go bhfuil an pobal ar 'chaon taobh den scoilt ag vótáil ar son na treibhe, go bhfuil imní agus amhras faoin taobh eile.

É sin ráite, ar bhealach eile tá bóthar fada siúlta ag SF agus an DUP. Ní féidir a rá a thuilleadh gur fórsaí diultacha ná antedeluvian amach is amach iad. Is léir go bhfuil an dá thaobh toilteanach dul i mbun rialtais, gur sórt macasamhail den SDLP agus an UUP iad na laethanta seo. An t-aon cheist anois ná cathain? An dtarlóidh sé ar an 26ú Márta nó níos déanaí?

3 comments:

KnackeredKaz said...

Hey, I didn't understand any of your post, except for the words "Seachtain na Gaeilge"...but I have a question.

Do you remember the ad on TG4 years and years ago about Seachtain na Gaeilge and it was just a dude (big ginger hair and a beard I think) banging on a drum or bodhran (I know they're different, I know!) singing/shouting 'Wooooahhhhh Seachtain Na Gaeilge.....wooo ohhhhh Seachtain Na Gaeilge' and that was it. That was the ad. I've mentioned it to loads of friends and family and they look at me as if I hallucinated the whole thing one night whilst drunk. But I swear, it's a real ad. Tell me SOMEONE remembers it?!

(I do realise that as I didn't understand a word of your post that it could have been about something terribly serious, so my apologies if that's the case. I'm just really curious about the ad!)

Harry McGee said...

Kaz, I will do my very best to find out. Sounds like Hector before he became famous and painful. H.

Dubhaltach said...

is mór an trua nach ndéanann tú níos mó blagannaí as Gaeilge seachas le linn "Seachtaine na Gaeilge" amháin.

go n-éirí leat ar aon chuma